Díolúine a bhaineann le costais cháilitheacha i leith daoine aonair éagumasaithe

Má tá tú faoi éagumas buan mar gheall ar mhíchumas fhisiceach nó mheabhrach, tá bronntanais nó oidhreacht a fhaigheann tú chun costais ‘cháilitheacha’ a scaoileadh go heisiach díolmhaithe ó Cháin Fáltas Caipitiúil (CAT).

Is éard atá i gcostais cháilitheacha ná costais le haghaidh cúraim leighis, lena n-áirítear costas cothabhála a bhaineann le cúram leighis.

Conas an díolúine a éileamh

Chun an Díolúine a bhaineann le costais cháilitheacha a bhíonn ag daoine aonair éagumasaithe a éileamh, ní mór duit Foirm tuairisceáin CFC IT38 a thíolacadh ar líne. Ní mór duit an tuairisceán a thíolacadh trí moChúrsaí nó trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).