Ró-íocaíocht Cánach Fáltas Caipitiúil (CFC)

Má dhéanann tú ró-íocaíocht ar do Cháin Fáltas Caipitiúil (CFC), féadfaidh tú éileamh a dhéanamh ar aisíocaíocht. D'fhéadfadh aon cheann de na nithe seo a leanas a bheith san áireamh in aisíocaíocht chánach:

  • ús a ghearrtar
  • formhuirear a fhorchuirtear
  • pionós tabhaithe.

Ní mór d’iarratas a bheith ina éileamh bailí ar aisíocaíocht. Ciallaíonn sé seo go bhféadfaidh sé go mbeidh ort:

  • tuairisceán IT38 nó tuairisceán IT38 leasaithe a thíolacadh
  • agus
  • gur chóir duit gach faisnéis ábhartha a thíolacadh chun cur ar chumas na gCoimisinéirí Ioncaim a chinneadh an bhfuil aisíocaíocht dlite.   

Baineann teorainn ama le héilimh aisíocaíochta. Ní dhéanfar aon aisíocaíocht mura gcuirtear éileamh bailí isteach laistigh den tréimhse ceithre bliana dar tosach:

  • an 31 Nollaig sa bhliain a raibh an cháin le híoc
  • dáta luachála, i gcás Cáin ar Iontaobhas Lánroghnach (CIL)
  • dáta íocaíochta, i gcás go raibh Cáin ar Iontaobhas Lánroghnach (CIL) íoctha laistigh de cheithre mhí ón dáta luachála.

Sampla

Thíolaic Seán tuairisceán CFC agus d’íoc sé a cháin don tréimhse 1 Meán Fómhair 2022 go 31 Lúnasa 2023. Rinne sé ró-íocaíocht cánach de €500.

Ní mór do Sheán éileamh bailí a thíolacadh ar aisíocaíocht na cánach ró-íoctha faoin 31 Nollaig 2027.