Cáin ar Iontaobhas Lánroghnach (CIL)

Léargas ginearálta

Is cáin í an Cháin ar Iontaobhas Lánroghnach (CIL) ar mhaoin a choinnítear in iontaobhais lánroghnacha áirithe.

Is éard is iontaobhas lánroghnach ann ná iontaobhas nach bhfuil aon sochar láithreach ann don tairbhí. Déanann an t-iontaobhaí/na hiontaobhaithe an mhaoin san iontaobhas a bhainistiú agus a dháileadh faoi réir na gcumhachtaí a thugtar dóibh leis an ngníomhas nó leis an uacht.

Chun críocha CIL, tugtar ábhair an iontaobhais ar thairbhithe an iontaobhais. D'fhéadfadh tairbhithe ainmnithe nó baill d'aicme tairbhithe a bheith i gceist le ábhar iontaobhais lánroghnach, mar shampla garpháistí an diúscróra.

Má shocraíonn tú maoin in iontaobhas lánroghnach le linn do shaoil, agus má tá cónaí ort nó má tá gnáthchónaí ort in Éirinn, ní mór duit Foirm DT1 a chomhlánú. Ní mór an fhoirm chomhlánaithe a thíolacadh do na Coimisinéirí Ioncaim laistigh de cheithre mhí ón dáta a shocraíonn tú maoin isteach san iontaobhas lánroghnach.

Tá CIL iníoctha ag na hiontaobhaithe, féadfaidh na hiontaobhaithe gníomhaire a fhostú chun gníomhú thar a gceann ina leith seo.

Baineann na muirir CIL seo a leanas le maoin a choinnítear san iontaobhas:

  • Tá muirear tosaigh aonuaire 6% i gceist ar luach margaidh na maoine uile a choinnítear san iontaobhas.
  • Tá muirear tosaigh aonuaire 1% i gceist ar an 31 Nollaig gach bliain ar luach margaidh na maoine uile san iontaobhas ar an dáta sin.

Tabhair do d'aire

Is é an diúscróir (ar a dtugtar an socraitheoir freisin) go ginearálta an duine a sholáthraigh an mhaoin san iontaobhas. Má chuir níos mó ná duine amháin maoin ar fáil, is diúscróir gach duine maidir le na maoine a chuir sé nó sí ar fáil. 

Ar aghaidh: Muirear tosaigh aonuaire 6%