Cáin ar Iontaobhas Lánroghnach (CIL)

An chaoi le Cáin ar Iontaobhas Lánroghnach a íoc (CIL)

Féadtar Cáin ar Iontaobhas Lánroghnach (CIL) a íoc le Ríomhaistriú Airgid.

Ba chóir íocaíochtaí Ríomhaistrithe Airgid a dhéanamh leis na sonraí seo:

AGs Alt CAT Public Bank Account
Danske Bank
7ú Urlár
The Shipping Office
20-26 Cé Sir John Rogerson
Baile Átha Cliath 2
D02 Y049

IBAN: IE15DABA951990 10003743
BIC: DABAIE2D

Chomh luath agus a dhéanann tú an íocaíocht, seol ríomhphost chuig moneytrans@revenue.ie agus an méid seo a leanas san áireamh ann:

  • ainm agus seoladh an duine atá ag déanamh na híocaíochta (an t-iontaobhaí, an dlíodóir nó an cuntasóir)
  • ainm an tsocraitheora nó an diúscróra
  • tagairt don chomhad agus ainm an iontaobhais
  • an tréimhse atá clúdaithe ag an íocaíocht
  • agus
  • suim na híocaíochta.

Íocaíocht trí sheic nó dréacht bainc.

Ceangail an seic nó an dréacht bainc leis an tuairisceán CIL cuí agus seol an dá rud, leis na sonraí thuas, chuig:

Na Coimisinéirí Ioncaim
Aonad na Cánach Fáltas Caipitiúil
Bloc F
Campas Gnó Bhaile Átha Í
Bóthar Chaisleán an Chomair
Baile Átha Í
Co. Chill Dara
R14 FE81.