Cáin ar Iontaobhas Lánroghnach (CIL)

Formhuirear agus ús ar íocaíochtaí déanacha

Formhuirear tíolactha déanach

Beidh formhuirear i gceist sa chás nár tíolacadh tuairisceáin Chánach ar Iontaobhas Lánroghnach (CIL) taobh istigh de cheithre mhí ón dáta luachála ábhartha. Seo a leanas an formhuirear ar céatadán é den CIL atá dlite:

  • 5% den cháin dhlite suas le huas-suim €12,695 sa chás go dtíolactar an tuairisceán taobh istigh de dhá mhí ón dáta dlite
  • 10% den cháin dhlite suas le huas-suim €63,485 sa chás go dtíolactar an tuairisceán níos mó ná dhá mhí tar éis an dáta dlite.

Ús ar íocaíochtaí déanacha

Baineann ús le híocaíochtaí déanacha na Cánach Iontaobhais Lánroghnaigh, is é an ráta úis reatha ná 0.0219 % in aghaidh an lae.

Ar aghaidh: An chaoi le Cáin ar Iontaobhas Lánroghnach a íoc (CIL)