Cáin ar Iontaobhas Lánroghnach (CIL)

Muirear Bliantúil 1%

Tagann an chéad mhuirear bliantúil 1% de bheith dlite sa bhliain tar éis na bliana inar tháinig an muirear 6% de bheith dlite.

Cén uair le híoc agus tíolacadh

Tá an muirear bliantúil 1% iníoctha taobh istigh de cheithre mhí ón dáta luachála. 

Is é an dáta luachála ná an 31 Nollaig de ghnáth. 

Ní mór don iontaobhaí Foirm féinmheasúnaithe IT32 agus é a sheoladh chuig na Coimisinéirí Ioncaim leis an gcáin dhlite gach bliain. 

Tabhair do d’aire

Tá formhuirear i gceist má thíolactar an tuairisceán go déanach agus gearrfar ús ar íocaíochtaí déanacha.

Ar aghaidh: Díolúintí ó Cháin ar Iontaobhas Lánroghnach (CIL)