Cáin ar Iontaobhas Lánroghnach (CIL)

Muirear tosaigh aonuaire 6%

Gearrtar an muirear tosaigh 6% ar luach margaidh shócmhainní an iontaobhais ar an dáta is déanaí de na dátaí seo a leanas:

  • 25 Eanáir 1984
  • an dáta a éiríonn an mhaoin de bheith faoi réir an iontaobhais lánroghnach
  • dáta báis an diúscróra
  • sa chás go bhfuil príomhdhaoine is ábhar an iontaobhais, an dáta a shroicheann na príomhdhaoine is óige arb ábhar an iontaobhais iad:
    • 25 bliana d'aois amach, sa chás gur tháinig an mhaoin de bheith faoi réir an iontaobhais idir an 25 Eanáir 1984 agus an 31 Eanáir 1993
    • 21 bliain d'aois amach, sa chás gur tháinig an mhaoin nó go dtagann sí de bheith faoi réir an iontaobhais ar an 31 Eanáir 1993 nó dá éis.

Is iad na príomhdhaoine is ábhar ná:

  • céile nó páirtnéir sibhialta an diúscróra
  • leanaí de chuid an diúscróra, nó páirtnéir sibhialta an diúscróra
  • leanaí de chuid an linbh de chuid an diúscróra, ar leanbh é a fuair bás roimhe
  • leanaí de chuid an linbh de chuid an pháirtnéara shibhialta de chuid an diúscróra, ar leanbh é a fuair bás roimh an diúscróir
  • leanaí de chuid an pháirtnéara shibhialta de chuid an linbh de chuid an diúscróra, ar leanbh é a fuair bás roimh an diúscróir
  • leanaí de chuid an pháirtnéara shibhialta de chuid an linbh de chuid an pháirtnéara shibhialta de chuid an diúscróra, ar leanbh é a fuair bás roimh an diúscróir.

Féadfar leanaí a ainmniú mar thairbhithe an iontaobhais amach anseo.

Cén uair le híoc agus tíolacadh

Tá an muirear tosaigh 6% iníoctha taobh istigh de cheithre mhí ón dáta luachála cuí. Ní mór do na hiontaobhaithe foirm féinmheasúnaithe Form IT4 don Cháin ar Iontaobhas Lánroghnach (CIL) 6% a chomhlánú agus a sheoladh chuig na Coimisinéirí Ioncam leis an gcáin dhlite.

Tabhair do d’aire

Tá formhuirear i gceist má thíolactar an Fhoirm IT4 go déanach agus gearrfar ús ar íocaíochtaí déanacha.

Ar aghaidh: Muirear Bliantúil 1%