Cáin ar Iontaobhas Lánroghnach (CIL)

Tairbhithe d'iontabhais lánroghnaigh

Más tairbhí (cuspóir) d'iontaobhais lánroghnaigh thú, níl tú i dteideal aon sochar ón iontaobhas láithreach. Cuirtear aon mhuirear i leith Cáin Fáltas Caipitiúil (CFC) siar go dtí go bhfeidhmeoidh an t-iontabhaí/na hiontabhaithe a lánrogha agus go gceaptar thú.

Má fhaigheann tú ceapachán ó iontaobhas lánroghnach, féadfaidh muirear i leith CFC teacht chun cinn ansin. Chun críocha CFC, caitear leat mar dhuine a fhaigheann bronntanas nó oidhreacht ón duine a chuir an mhaoin ar iontaobhas, agus ní ón iontaobhaí/na hiontaobhaithe.

Is é dáta an bhronntanais nó na hoidhreachta dáta an cheapacháin de ghnáth. Is iad méid na tairsí grúpa saor ó cháin agus an ráta cánach a bheidh i bhfeidhmn ná na cinn a bheidh i bhfeidhm ar dháta an bhronntanais nó na hoidhreachta.

Má fhaigheann tú ceapachán sócmhainne atá á choinneáil in iontabhas lánroghnach, féadfaidh na hiontabhaithe Cáin Gnóthachan Caipitiúil (CGC) a thabhú ar an diúscairt. Nuair a tharlaíonn sé seo, féadfaidh sé go mbeidh tú i dteideal creidmheas le haghaidh aon CGC atá íoctha ag an iontaobhaí/na hiontaobhaithe in aghaidh do dhliteanais CFC. Chun tuilleadh eolas a fháil, féach Creidmheas i leith Cáin Gnóthachan Caipitiúil.

Tá an muirear i leith Cáin ar Iontaobhas Lánroghnach (CIL) ar leithligh ón muirear i leith CFC. Féadfaidh muirear i leith CFC teacht chun cinn nuair a cheaptar maoin iontaobhais do thairbhí, cé nár tháinig muirear i leith CIL chun cinn fós.

Tabhair do d'aire

Is gnách gurb é dáta na hoidhreachta dáta báis an diúscróra. Mar sin féin, i gcás ina gceapann iontaobhaí maoin ó iontaobhas lánroghnach, is é dáta na hoidhreachta dáta an cheapacháin de ghnáth.