Faoiseamh cánach ar ranníocaíochtaí pinsin

Teorainneacha faoisimh cánach ar ranníocaíochtaí pinsin

Tá faoiseamh cánach le haghaidh ranníocaíochtaí pinsin faoi réir dhá phríomhtheorainn:

  • teorainn céatadáin tuillimh aoischoibhneasa
  • agus
  • teorainn tuilleamh iomlán.

Teorainneacha céatadáin tuillimh aoischoibhneasta

Féadtar faoiseamh cánach a fháil suas leis an teorainn céatadáin tuilleamh aoischoibhneasta in aon bhliain amháin.

Féadfaidh sé go bhfuil níos mó ná foinse amháin ioncaim agat. Má tá, tá an faoiseamh ar fáil díreach le haghaidh na fostaíochta a ndéantar na ranníocaíochtaí ina leith.

Teorainn céatadáin aoischoibhneasta ar fhaoiseamh cánach le haghaidh ranníocaíochtaí pinsin

Aois

Teorainn chéatadáin

Faoi 30

15%

30-39

20%

40-49

25%

50-54

30%

55-59

35%

60 nó níos sine

40%

Mar shampla, tuilleann fostaí atá 42 bliain d'aois €40,000 sa bhliain. Féadann siad faoiseamh cánach a fháil ar ranníocaíochtaí pinsin bliantúla suas le €10,000.

Teorainn tuilleamh iomlán

Is é uasmhéid an tuillimh a chuirtear san áireamh chun faoiseamh cánach a ríomh ná €115,000 in aghaidh na bliana.

Ní chuirtear ranníocaíochtaí fostóra le scéim fostaí san áireamh agus tairseach tuillimh an fhostaí á ríomh.

Ar aghaidh: Ranníocaíochtaí a íoctar le CCSP chun críocha RSB