Faoiseamh cánach ar ranníocaíochtaí pinsin

An chaoi leis an bhfaoiseamh cánach a éileamh

Más oibrí Íoc Mar a Thuillir (ÍMAT) thú

Is iondúil go n-asbhaineann d’fhostóir na ranníocaíochtaí go díreach ó do phá, agus go dtabharfaidh siad an faoiseamh cánach atá dlite duit. Mura n-asbhaineann d’fhostóir na ranníocaíochtaí, féadfaidh tú an faoiseamh cánach a éileamh in MoChúrsaí ach na céimeanna seo a leanas a leanúint:

  1. Sínigh isteach ar moChúrsaí.
  2. Cliceáil ar ‘Déan athbhreithniú ar do cháin 2020-2023 faoi ‘Seirbhísí ÍMAT’.
  3. Iarr Ráiteas Dliteanais.
  4. Cliceáil ar ‘Comhlánaigh Tuairisceán Cánach Ioncaim’.
  5. Téigh chuig an leathanach ‘Creidmheasanna agus Faoisimh Chánach’.
  6. Faoin rannán ‘Do phost’, roghnaigh Ranníocaíochtaí Saorálacha Breise (RSB)’ nó ‘Cuntais Coigiltis Scoir Phearsanta (cuntais CCSP)’, agus cuir isteach na sonraí ar fad a bhaineann le do pholasaí.
  7. Comhlánaigh an fhoirm agus tíolaic í.

Tabhair do d’aire

Chun RSBanna a éileamh, ní mór cóip den deimhniú, nó admháil mhionsonraithe, a thíolacadh agus do Thuairisceán Cánach Ioncaim á thíolacadh.

Má tá tú féinfhostaithe

Má tá tú féinfhostaithe, ba chóir duit síniú isteach ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) chun faoiseamh cánach a éileamh.

Le tuilleadh eolais a fháil ar an gcaoi le faoiseamh cánach a éileamh i do Thuairisceán Cánach Ioncaim (Foirm 11), féach Cabhair le faoiseamh a éileamh i leith ranníocaíochtaí pinsin.

Deimhniú RSB

Chun RSBanna a éileamh, ní mór cóip den deimhniú, nó admháil mhionsonraithe, a thíolacadh agus do Thuairisceán Cánach Ioncaim á thíolacadh. Mura bhfuil an deimhniú RSB ar fáil agus do thuairisceán á thíolacadh agat, féadfaidh tú doiciméad a dhréachtú ina bhfuil an fhaisnéis seo a leanas:

  • Dáta na híocaíochta
  • An méid iomlán a íocadh
  • An cineál pinsin (mar shampla CCSP nó RSB)
  • Uimhir an pholasaí (má tá sí ar fáil)
  • D’ainm agus do sheoladh
  • agus
  • Ainm agus seoladh an tsoláthraí polasaí.

Is féidir an doiciméad a uaslódáil i bhformáid Word, Excel nó PDF.