Gníomhaire cánach nó seirbhís cánach a úsáid

Léargas ginearálta

Féadtar roghnú gníomhaire, nó seirbhís ullmhúcháin cánach, a úsáid chun cabhrú leat éileamh a dhéanamh nó tuairisceán a thíolacadh. Má roghnaítear amhlaidh, bíodh sé trí na meáin shóisialta nó ar bhealach eile, ba chóir an méid seo a leanas a thabhairt faoi deara.

Féadfaidh do ghníomhaire nó seirbhís cánach údaraithe rochtain a fháil ar do chuntas ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) trí úsáid a bhaint as a ndeimhniú digiteach agus a bpasfhocal ROS féin. Ní chóir duit do chuid sonraí le haghaidh moChúrsaí ná do shonraí logála isteach ROS pearsanta a thabhairt do ghníomhaire nó do thríú páirtithe neamhghaolmhara.

Ar aghaidh: Conas na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas go bhfuil gníomhaire agat