Do shonraí pearsanta a nuashonrú

D'uimhir fóin póca a thabhairt cothrom le dáta

Is féidir leat d'uimhir fóin póca a thabhairt cothrom le dáta i moChúrsaí  trí na treoracha thíos a leanúint:

  1. Sínigh isteach ar moChúrsaí.
  2. Roghnaigh 'Mo Phróifíl' agus ansin 'Mo Shonraí' ó na roghanna sa liosta anuas nó cliceáil ar 'Mo Phróifíl' sa rannán 'Bainistigh Mo Thaifead.
  3. Cliceáil ar 'Cuir in Eagar' faoin rannán 'Sonraí Teagmhála'.
  4. Cuir isteach d'uimhir fóin phóca reatha agus cliceáil ar 'Sábháil na hathruithe'.
  5. Cuir isteach do phasfhocal agus cliceáil ‘Tíolaic‘.

Féadtar d'uimhir fóin póca a thabhairt cothrom le dáta ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) trí na treoracha thíos a leanúint:

  1. Sínigh isteach ar ROS ar an 'Deimhniú digiteach riarthóra'.
  2. Nuashonraigh uimhir fóin póca an riarthóra ROS ar an gcluaisín 'Próifíl'.
  3. Cliceáil ar 'Sábháil'.

Tabhair do d'aire

Má úsáideann tú moChúrsaí agus ROS, b'fhéidir go mbeidh ort d'uimhir fóin póca a thabhairt cothrom le dáta ar an dá chóras. 

Ar aghaidh: Do sheoladh ríomhphoist a nuashonrú