Iarratas a dhéanamh ar aisíocaíocht leictreonach Cánach Breisluacha (CBL)

Leis an tseirbhís aisíocaíochtaí leictreonacha CBL, féadann trádálaithe atá cláraithe le haghaidh CBL, a bhfuil CBL íoctha acu i mBallstát eile AE, éileamh a dhéanamh ar aisíocaíocht.

Tá tuilleadh sonraí ar an gcineál aisíocaíochta seo ar fáil sa rannán ar Cháin Bhreisluacha (CBL).

An méid a theastaíonn chun an tseirbhís seo a úsáid

Chun éileamh ar aisíocaíocht leictreonach CBL a dhéanamh, is gá duit eolas a chur ar fáil i gcomhad athróg camógdheighilte (CSV). Ní mór go bhfolófaí san eolas a chuireann tú ar fáil:

  • cineál na hiompórtála nó sonraisc
  • tagairt iompórtála nó sonraisc
  • eolas iompórtála
  • ainm an tsoláthraí
  • seoladh an tsoláthraí
  • tír
  • aitheantas CBL nó uimhir tagartha cánach an tsoláthraí
  • cineál aitheantais CBL nó uimhreach tagartha cánach an tsoláthraí
  • an tsuim incháinithe
  • an tsuim CBL
  • ráta pro rata
  • suim in-asbhainte CBL
  • cód agus fo-chód earraí nó seirbhísí
  • cur síos
  • teanga.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach schemas and notes.

Cén chaoi le teacht ar an tseirbhís leictreonach aisíocaíochta CBL

Ní mór duit a bheith cláraithe le haghaidh Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) chun teacht ar an tseirbhís. Nuair a bheidh tú cláraithe:

  • Cliceáil ar an gcluaisín ‘Mo Sheirbhísí Féin’
  • Faoin rannán ‘Tuairisceán a Thíolacadh, roghnaigh ‘Comhlánaigh Foirm ar Líne’
  • ón liosta roghanna ‘Roghnaigh Cineál Cánach’, roghnaigh ‘Ríomh-Aisíocaíocht Leictreonach CBL’
  • ón liosta roghanna ‘Roghnaigh Cineál Cánach’, roghnaigh ‘Iarratas ar Aisíocaíocht CBL AE’
  • cliceáil ar an rannán ‘Tíolaic tuairisceán’
  • Cuir isteach an t-eolas cuí don tuairisceán Aisíocaíocht Leictreonach CBL
  • lean ar aghaidh chuig ‘Sínigh agus Tíolaic’ má táthar ag déanamh iarratais chuig níos mó ná Ballstát amháin sa tréimhse chéanna
  • sábháil an t-iarratas in ‘Obair ar Siúl’.