Déan iarratas ar aisícaíocht Cánach Breisluacha (CBL) ar áiseanna agus fearais le haghaidh daoine faoi mhíchumas

Féadtar éileamh a dhéanamh i leith aisíocaíocht CBL ar áiseanna agus fearais áirithe le haghaidh úsáide ag duine faoi mhíchumas. Ní áirítear mótarfheithiclí i measc na n-áiseanna agus fearas seo.

Féadtar an t-éileamh seo a dhéanamh más tusa an duine faoi mhíchumas. I gcúisí áirithe, féadtar an t-éileamh seo a dhéanamh chomh maith má cheannaigh tú na hearraí lena n-úsáid ag duine faoi mhíchumas.

Ba chóir duit an t-éileamh seo a dhéanamh leis an tseirbhís ríomh-Aisíocaíochtaí.

Céard a theastaíonn chun éileamh a dhéanamh?

Chun d’éileamh a dhéanamh leis an tseirbhís ríomh-Aisíocaíochtaí, teastóidh an méid seo a leanas:

  • sonraí faoi d’éileamh
  • doiciméid tacaíochta le haghaidh d’éilimh, lena n-áirítear sonraisc bhunaidh marcáilte mar íoctha go hiomlán
  • má bhaineann sé le d’éileamh, tuairisc ó oideachasóir, síceolaí, nó teiripeoir saothair, agus litreacha leighis
  • agus
  • Uimhir Idirnáisiúnta Cuntais Bainc (IBAN) agus Cód Aitheantais Bainc (BIC) do chuntais bainc.

Cén chaoi le teacht ar an tseirbhís

Féadtar teacht ar an tseirbhís ríomh-Aisíocaíochtaí trí moChúrsaí, ach na céimeanna seo a leanúint:

  • sínigh isteach ar moChúrsaí
  • cliceáil ar an nasc 'Ríomh-Aisíocaíochtaí' faoin gcluaisín 'Íocaíochtaí - Aisíocaíochtaí'
  • cliceáil “Déan éileamh”
  • roghnaigh ‘CBL – Cáin Bhreisluacha’
  • comhlánaigh an próiseas agus cuir sonraí uile d'éilimh san áireamh.

Féadtar teacht ar an tseirbhís ríomh-Aisíocaíochtaí trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS), ach na céimeanna seo a leanúint:

  • sínigh isteach ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS)
  • cliceáil ar an rannán ‘Seirbhísí Eile’ sa réimse ‘Mo Sheirbhísí Féin’ ar ROS
  • cliceáil ar an gcárta ‘Éilimh ríomh-Aisíocaíochta’.