Iarratas a dhéanamh ar aisíocaíocht Cánach Breisluacha (CBL) ar dhíosal muirí

Más iascaire neamhchláraithe thú, féadtar éileamh a dhéanamh ar  aisíocaíocht CBL ar dhíosal muirí. Ba chóir duit an t-éileamh seo a dhéanamh leis an tseirbhís ríomh-Aisíocaíochtaí.

Féadtar an aisíocaíocht seo a éileamh i leith díosal muirí:

  • a ceannaíodh
  • a iompórtáladh ó thaobh amuigh den AE.

Céard a theastaíonn chun éileamh a dhéanamh?

Chun d’éileamh a dhéanamh leis an tseirbhís ríomh-Aisíocaíochtaí, teastóidh an méid seo a leanas:

  • sonraí faoi d’éileamh
  • ceadúnas iascaire
  • doiciméid tacaíochta le haghaidh d’éilimh, lena n-áirítear sonraisc bhunaidh marcáilte mar íoctha go hiomlán
  • Uimhir Idirnáisiúnta Cuntais Bainc (IBAN) agus Cód Aitheantais Bainc do chuntais bainc.

Cén chaoi le teacht ar an tseirbhís

Féadtar teacht ar an tseirbhís ríomh-Aisíocaíochtaí trí moChúrsaí, ach na céimeanna seo a leanúint:

  • Cliceáil ar an rannán ‘Seirbhísí Eile’ faoin gcluaisín ‘Mo Sheirbhísí Féin’ in moChúrsaí.
  • Cliceáil ar an gcárta ‘Éilimh r-Aisíocaíochta’.

Féadtar teacht ar an tseirbhís ríomh-Aisíocaíochtaí trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS), ach na céimeanna seo a leanúint:

  • Cliceáil ar an rannán ‘Seirbhísí Eile’ sa réimse ‘Mo Sheirbhísí Féin’ ar ROS.
  • Cliceáil ar an gcárta ‘Éilimh r-Aisíocaíochta’.