Feirmeoirí agus iascairí

Cén chaoi le Cáin Bhreisluacha (CBL) agus Cáin Ola Mianra ar dhíosal muirí a aiséileamh

Féadfaidh iascairí nach bhfuil cláraithe le haghaidh Cáin Bhreisluacha (CBL) aisíocaíochtaí CBL a éileamh. Féadtar éileamh a dhéanamh ar CBL agus, nó Cáin Ola Mianra a íocadh ar dhíosal muirí a ceannaíodh nó a iompórtáladh.

Ba chóir d’iarratas ar aisíocaíocht CBL agus Cáin Ola Mianra a dhéanamh ar ríomhAisíocaíochtaí.

Ní mór iarratais a dhéanamh le haghaidh aisíocaíocht CBL taobh istigh de cheithre bliana ó dheireadh na tréimhse incháinithe lena mbaineann an t-éileamh.

Ní mór éilimh ar aisíocaíocht ar Cháin Ola Mianra a dhéanamh i dtaca le hola mhianra a úsáidtear taobh istigh d’uastréimhse nach faide ná aon mhí fhéilire amháin. Is é an teorainn ama le héilimh ar cháin ola mianra ná ceithre mhí i ndiaidh dheireadh na tréimhse éilithe.

Ach amháin i gcásanna eisceachtúla, féadfaidh sé nach n-íocfar aon éilimh a dhéantar lasmuigh den teorainn ama sonraithe.

Ní mór scarbhileog na sonraítear:

  • an soláthraí
  • uimhir an tsonraisc
  • dáta
  • agus
  • suim an CBL, nó líon na lítear, atá á héileamh

chomh maith le cóip de na sonraisc ar fad a éilíodh CBL nó Cáin Ola Mianra ina leith a uaslódáil.

Ní mór ceadúnas iascaireachta bailí i leith gach bád bheith ar an taifead leis an Lároifig Aisíocaíochtaí, Co. Mhuineacháin. Ní mór go gclúdódh an ceandúnas iascaireachta bailí an t-éileamh éilithe.