Feirmeoirí agus an Scéim ráta Comhréidh

Léargas ginearálta

Is scéim speisialta í an Scéim ráta Comhréidh do fheirmeoirí nach bhfuil cláraithe, nó nach bhfuil orthu clárú, le haghaidh Cáin Bhreisluacha (CBL). Tugtar feirmeoirí ar ráta comhréidh ar na feirmeoirí seo go coitianta.

Tá an scéim deartha chun feirmeoirí ar ráta chomhréidh a chúiteamh as an CBL a thabhaítear ar chostais feirmeoireachta gan gá dóibh clárú. Tá feirmeoirí ar ráta comhréidh i dteideal suim a fháil ar a dtugtar an méid breise ar ráta comhréidh ar a gcuid soláthairtí de ghníomhaíochtaí talmhaíochta.

Pléitear sa rannán seo:

  • céard is méid breise ar ráta comhréidh ann
  • céard is sonrasc ar ráta comhréidh ann
  • riachtanais nótaí creidmheasa
  • agus
  • dearbháin socraíochtaí.

Ar aghaidh: An méid breise ar ráta comhréidh