Feirmeoirí agus iascairí

Léargas ginearálta

Féadfaidh feirmeoirí agus iascairí nach bhfuil cláraithe le haghaidh Cánach Breisluacha (CBL) aiséileamh a dhéanamh ar CBL a thabhaigh siad ar chostais áirithe, amhail:

  • foirgnimh feirme
  • soithí agus trealamh iascaireachta mara
  • díosal muirí.

Tugtar achoimre sa rannán seo ar an CBL a fhéadtar a aiséileamh agus an chaoi le d’éileamh aisíocaíochta a dhéanamh.

Ar aghaidh: Cén chaoi le Cáin Bhreisluacha (CBL) ar fhoirgnimh feirme a aiséileamh