Feirmeoirí agus iascairí
Cén chaoi le Cáin Bhreisluacha (CBL) ar chaiteachas áirithe feirme a aiséileamh
Féadfaidh sé go bhfuil feirmeoirí nach bhfuil cláraithe le haghaidh Cáin Bhreisluacha (CBL) i dteideal CBL a d'íoc siad i ndáil leis an méid seo a leanas a aiséileamh;
- tógáil, síneadh, athrú nó atógáil aon fhoirgnimh nó struchtúir feirme
- fálú, draenáil agus míntíriú talún feirme
- agus
- trealamh cáilitheach a thógáil agus, nó a shuiteáil chun críche micreaghiniúint leictreachais lena úsáid i ngnó feirme.
Féach Treoir bhreise le haghaidh tuilleadh eolais ar na haisíocaíochtaí CBL atá ar fáil d'fheirmeoirí ar ráta comhréidh.
Ní mór d'iarratas a dhéanamh le haghaidh aisíocaíocht CBL taobh istigh de cheithre bliana ó dheireadh na tréimhse incháinithe lena mbaineann an t-éileamh.
Tabhair do d'aire
Tógann tú cró beithíoch nua in 2023 agus eisíodh na sonraisc go léir a bhaineann leis an tógáil idir Feabhra agus Lúnasa 2023. Ní mór éileamh a dhéanamh i leith CBL a thabhaigh tú faoin 31 Nollaig 2027.
Ba chóir éilimh ar aisíocaíocht a dhéanamh ar an bhfoirm CBL 58. Féadtar éilimh CBL 58 a thíolacadh ag tráth ar bith, ar an gcoinníoll:
- nach bhfuil siad níos sine ná ceithre bliana
- go bhfuil siad á ndéanamh i leith bliain féilire nó tréimhse taobh istigh de bhliain féilire
- agus
- níos mó ná €125.
Is ón 1 Eanáir go 31 Nollaig atá an bhliain féilire. Ní fhéadtar éileamh a thíolacadh a chlúdaíonn dhá bhliain féilire.
- Sampla
Tá éileamh agat do Mheán Fómhair 2024, Nollaig 2024, Eanáir 2025 agus Márta 2025.
Ní fhéadtar na héilimh go léir a thíolacadh faoi CBL 58 amháin. Ní mór duit Meán Fómhair agus Nollaig a thíolacadh ar thuairisceán amháin agus Eanáir agus Márta ar thuairisceán eile.
Cén áit a gcuirtear an fhoirm éilimh CBL 58?
Ba chóir foirmeacha a chomhlánú agus thíolacadh ar líne trí ríomh-Aisíocaíochtaí.
Féadtar tuilleadh eolais ar ríomh-Aisíocaíochtaí a úsáid a fháil in Iarratas a dhéanamh ar aisíocaíocht Cánach Breisluacha (CBL) ar chaiteachas áirithe feirme.
Féadtar aon fhiosruithe a bhaineann le ríomh-Aisíocaíochtaí a thíolacadh trí M’Fhiosruithe le moChúrsaí nó Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).
Roghnaigh an chatagóir 'Ard-Bhailitheoir, ansin roghnaigh 'Aisíocaíochtaí CBL' agus 'CBL Neamhchláraithe (Feirmeoirí/Oibreoirí Bus Turasóireachta)'.
Ar aghaidh: Cén chaoi le Cáin Bhreisluacha (CBL) ar shoithí agus trealamh iascaireachta mara a aiséileamh