Feirmeoirí agus iascairí

Cén chaoi le Cáin Bhreisluacha (CBL) ar shoithí agus trealamh iascaireachta mara a aiséileamh

Tugtar míniú sa rannán seo ar an gcaoi a bhféadann iascairí nach bhfuil cláraithe le haghaidh Cáin Bhreisluacha (CBL) aisíocaíochtaí CBL a dhéanamh. Féadtar éilimh ar aisíocaíochtaí CBL a dhéanamh ar chostais soithí agus trealaimh iascaireachta mara.

Soithí iascaireachta le holltonnáiste nach mó ná 15 thonna

Féadtar aisíocaíocht CBL a éileamh ar na soithí seo a cheannach, a iompórtáil, a thógáil ar cíos, a chothabháil agus a dheisiú. Tá sé sin ar choinníoll go raibh an soitheach iascaireachta mar ábhar deontais nó iasachta ón mBord Iascaigh Mhara.

Féadfaidh iascairí freisin aisíocaíocht CBL a éileamh ar threalamh sonraithe iascaireachta a cheannach, a iompórtáil, a thógáil ar cíos, a chothabháil agus a dheisiú. Tá sé sin ar choinníoll go raibh an soitheach iascaireachta mar ábhar deontais nó iasachta ón mBord Iascaigh Mhara.

Soithí iascaireachta le holltonnáiste níos mó ná 15 thonna

Féadtar aisíocaíocht i leith trealaimh do na shoithí seo a éileamh is cuma cé acu an bhfuair nó nach bhfuair an soitheach i gceist deontas nó iasacht.

Ba chóir iarratas ar aisíocaíocht a dhéanamh ar an gcóras ar líne ríomhAisíocaíochtaí.

Ní mór scarbhileog ina sonraítear:

  • an soláthraí
  • uimhir an tsonraisc
  • dáta
  • agus
  • suim an CBL atá á héileamh

chomh maith le cóip de na sonraisc ar fad a éilíodh CBL/Cáin Ola Mianra ina leith a uaslódáil.

Ní mór iarratais a dhéanamh le haghaidh aisíocaíocht taobh istigh de cheithre bliana ó dheireadh na tréimhse incháinithe lena mbaineann an t-éileamh.

Liosta de threalamh sonraithe iascaireachta

  • aimsitheoirí éisc
  • ancairí
  • báid tarrthála agus raftaí tarrthála
  • baoithe agus buimbiléid
  • boscaí éisc
  • ciseáin iascaireachta
  • compáis
  • craenacha
  • crainn tochrais
  • crocha tráil
  • doirse tráil
  • drumaí eangaigh
  • fearas cuisniúcháin
  • gaireas radair
  • gaireas raidió um áiseanna loingseoireachta
  • innill muirí
  • macallaghraif
  • pumpaí ruma agus deice
  • soilse muirí
  • sondálaithe eangaigh
  • sondálaithe fuaime
  • tacair ginte leictreacha
  • tarlóirí eangaigh
  • teileafóin raidió
  • uathphíolótaí

Ar aghaidh: Cén chaoi le Cáin Bhreisluacha (CBL) agus Cáin Ola Mianra ar dhíosal muirí a aiséileamh