Feirmeoirí agus an Scéim ráta Comhréidh
Riachtanais nótaí creidmheasa feirmeora ar ráta comhréidh
I gcúinsí áirithe, tá ceangal ar fheirmeoirí ar ráta comhréidh nóta creidmheasa feirmeora a eisiúint. Féadfaidh sé, áfach, go loicfidh an feirmeoir ar ráta comhréidh é seo a dhéanamh taobh istigh den teorainn ama chuí. Tá an feirmeoir faoi dhliteanas i leith shuim na breise ar ráta comhréidh ba chóir a bheith sonraithe ar an nóta.
Tá feirmeoir ar ráta comhréidh faoi dhliteanas freisin má eisíonn siad nóta creidmheasa feirmeora mícheart. I gcásanna den sórt sin, sonraíonn an nóta creidmheasa feirmeora suim níos lú don bhreis ar ráta comhréidh ná mar is iomchuí don laghdú ar an gcomaoin nó ar an lascaine. Is é an feirmeoir a eisíonn an nóta creidmheasa atá faoi dhliteanas i leith na suime d’easnamh ar an méid breise ar ráta comhréidh.
Sa dá chás, caitear le feirmeoir ar ráta comhréidh mar an duine cuntasach. Tá sé seo chun críocha an méid atá dlite a íoc. Tá an feirmeoir faoi dhliteanas i leith pionós chomh maith.
Nótaí creidmheasa feirmeora agus seirbhísí sicín grísce
Le linn sicíní grísce a thairgeadh, ní féidir le feoirmeoir sicín grisce nóta creidmheasa feoirmeora a eisiúint a thuilleadh i leith aon seirbhísí talmhaíochta a bhaineann le:
- fosaíocht stoic
- tógáil
- agus
- ramhrú.
Tá sé seo i bhfeidhm ón 1 Meán Fómhair 2025, tar éis do na seirbhísí sin a bheith eisiata ón méid breise ar ráta comhréidh.
Féadtar teacht ar eolas níos mionsonraithe maidir le cánachas Cánach Breisluacha (CBL) ar sheirbhísí sicín grísce sa rannán Treoir bhreise.
Ar aghaidh: Dearbhán socraíochta a eisiúint