Iarratas a dhéanamh ar aisíocaíocht Cánach Breisluacha (CBL) ar bhusanna turasóireachta

Má iompraíonn tú turasóirí ar bhóthar faoi chonradh grúpa, féadtar aiséileamh a dhéanamh ar Cháin Bhreisluacha (CBL) i leith busanna turasóireachta a cheannach, a fháil laistigh den Chomhphobal, a thógáil ar léas nó a fháil ar cíos. Ó 1 Eanáir 2019, féadtar an tseirbhís ríomh-Aisíocaíochtaí a úsáid chun éileamh a thíolacadh.

Céard a theastaíonn chun éileamh a dhéanamh?

Chun d’éileamh a dhéanamh leis an tseirbhís ríomh-Aisíocaíochtaí, teastóidh an méid seo a leanas:

  • an sonrasc ceannaigh bunaidh
  • cóip den léas nó den chomhaontas fruilithe, in éineacht leis an sonrasc ceannaigh bunaidh
  • i gcás fáil laistigh den chomhphobal, teastóidh admháil oifigiúil nó doiciméad eile ina ndeimhnítear an tsuim a íocadh, in éineacht leis an sonrasc a d’eisigh an soláthraí
  • i gcás iompórtála, teastóidh admháil oifigiúil nó doiciméad eile ina ndeimhnítear an tsuim a íocadh, agus uimhir na hiontrála cuí custam ar léiriú ann
  • Deimhniú Imréitigh Cánach reatha
  • Uimhir Idirnáisiúnta Cuntais Bainc (IBAN) agus Cód Aitheantais Bainc do chuntais bainc.

Cén chaoi le teacht ar an tseirbhís

Féadtar teacht ar an tseirbhís ríomh-Aisíocaíochtaí trí moChúrsaí, ach na céimeanna seo a leanúint:

  • Cliceáil ar an rannán ‘Seirbhísí Eile’ faoin gcluaisín ‘Mo Sheirbhísí Féin’ in moChúrsaí.
  • Cliceáil ar an gcárta ‘Éilimh ríomh-Aisíocaíochta’.

Féadtar teacht ar an tseirbhís ríomh-Aisíocaíochtaí trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS), ach na céimeanna seo a leanúint:

  • Cliceáil ar an rannán ‘Seirbhísí Eile’ sa réimse ‘Mo Sheirbhísí Féin’ ar ROS.
  • Cliceáil ar an gcárta ‘Éilimh ríomh-Aisíocaíochta’.