Faoiseamh cánach a éileamh d’eagraíochtaí cáilitheacha i leith feithiclí oiriúnaithe

Féadann eagraíochtaí iarratas a dhéanamh ar aisíocaíocht i leith  Cáin Bhreisluacha (CBL) agus  Cáin Cláraithe Feithiclí (CCF) ar fheithicil oiriúnaithe a cheannach. Ní mór gur cheannaigh d'eagraíocht an fheithicil chun daoine faoi mhíchumas a iompar.

Féadann iarratasóirí rathúla iarratas a dhéanamh chomh maith ar dheontas breosla agus ar dhíolúine ó mhótarcháin i leith na feithicle sin. 

An méid a theastaíonn chun an tseirbhís a úsáid

Chun an tseirbhís seo a úsáid mar eagraíocht, is gá an méid seo a leanas a bheith agat:

  • d’Uimhir Tagartha Cánach
  • sonraí do chuntais bainc
  • sonraí na feithicle (Uimhir Aitheantais na Feithicle, cineál an bhreosla, oiriúintí don fheithicil, cineál na feithicle, méid an innill)
  • uimhir CBL an gharáiste inar ceannaíodh an fheithicil
  • sonraí maidir le cóiríocht shuite na feithicle agus líon iomlán na ndaoine á iompar
  • doiciméid tacaíochta, lena n-áirítear meastachán don fheithicil, meastachán do na hoiriúintí agus cuntais d’eagraíochta. 

Cén chaoi le teacht ar an tseirbhís chun faoiseamh cánach a éileamh

Má tá tú cláraithe le haghaidh Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS), féadtar teacht ar an tseirbhís seo ach na céimeanna seo a leanúint:

  • oscail an cluaisín ‘Mo Sheirbhísí Féin’ agus dul síos chuig an rannán ‘Seirbhísí Eile’
  • roghnaigh an cluaisín ‘Tiománaithe agus Paisinéirí faoi Mhíchumas’
  • cliceáil ar ‘Éiligh Faoiseamh Cánach ar fheithicil atá le ceannach le húsáid ag Eagraíochtaí Cáilitheacha (DDO)’
  • lean na treoracha ar an scáileán.