Féadtar tuairisceán Cánach Ioncaim a thíolacadh

Má tá tú cláraithe le haghaidh Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS), féadtar tuairisceán Cánach Ioncaim (Foirm 11) a thíolacadh ar líne. Murab úsáideoir ROS thú, féadtar Clárú le haghaidh ROS ach an próiseas clárúcháin 3 chéim a chomhlánú.

Má tá tú cláraithe le haghaidh Cáin Ioncaim, ÍMAT Fostóra nó Cáin Fáltas Caipitiúil, féadfaidh tú ‘Cláraigh le haghaidh ROS’ ar an gcárta ‘Bainistigh Mo Thaifead’. Féadtar logáil isteach ar ROS ó moChúrsaí tríd an gcárta ROS.

Féadtar an Córas Íoca agus Tíolactha a úsáid chun tascanna a bhainistiú maidir le cáin a íoc agus tuairisceáin chánach a thíolacadh.

Cé dó an tseirbhís seo?

Tá an tseirbhís seo ann do chustaiméirí ar mian leo:

  • tuairisceán cánach a dhéanamh don bhliain chánach roimhe, lena n-áirítear féinmheasúnú ar an gcáin dhlite don bhliain sin
  • aon iarmhéid cánach a íoc atá dlite don bhliain roimhe
  • réamhcháin a íoc don bhliain reatha.

An méid a theastaíonn chun an tseirbhís a úsáid

Chun an tseirbhís a úsáid, is gá an méid seo a leanas a bheith agat (nuair is infheidhmithe):

  • d’Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP) agus do dháta breithe
  • UPSP agus dáta breithe do chéile nó páirtnéara shibhialta
  • do chuid sonraí ioncaim, lena n-áirítear ioncam eachtrach agus ioncam díolmhaithe
  • d’ioncam ó chíos
  • d’ioncam ó tháillí, cúnaint, dáiltí
  • d’íocaíochtaí bliantúla, muirir agus ús íoctha
  • do chreidmheasanna cánach, liúntais, faoisimh agus costais sláinte
  • do chuid ioncaim ard-leibhéil
  • do chuid gnóthachan caipitiúil
  • do chuid dreasachtaí maoin-bhunaithe
  • do chuid sonraí féinmheasúnaithe.

Cén chaoi le teacht ar an tseirbhís

Nuair atá tú logáilte isteach ar ROS, lean na céimeanna seo:

  • Ón bpríomh-roghchlár ROS, cliceáil ar an gcluaisín ‘Mo Sheirbhísí Féin’.
  • Sa rannán ‘Tíolaic tuairisceán’, roghnaigh an cineál tuairisceáin ‘Cáin Ioncaim’ agus ‘Foirm 11’. 

Tá cabhair ar fáil leis an bhFoirm 11 a thíolacadh, lena n-aírtear féinmheasúnú iomlán, sa rannán Féinmheasúnú agus féinfhostaíocht

Tá roinnt físeán ar an suíomh idirlín chun cabhrú leat na painéil éagsúla ar an bhFoirm 11 a chomhlánú.