Tuairisceán trádstórais Cánach Ola Mianraí (COM) a thíolacadh

Leis an tseirbhís tuairisceáin trádstórais COM, féadann coimeádaithe trádstórais  tuairisceáin Cánach Ola Mianraí (COM) a chomhlánú ar líne. Ní mór an tuairisceán a dhéanamh faoin 15ú den mhí tar éis na míosa ina bhfuil an COM dlite.

An méid a theastaíonn chun an tseirbhís a úsáid

Chun an tseirbhís a úsáid, is gá an méid seo a leanas a bheith agat:

  • an tréimhse amuigh um thíolacadh
  • ainm agus uimhir gach trádstórais
  • earraí a ndéileáltar leo sa trádstóras.

I gcás gach táirge, teastóidh an méid seo a leanas:

  • an t-iarmhéid tosaigh
  • an t-iarmhéid deiridh
  • sonraí faoi na gluaiseachtaí isteach (iompórtáilte, dleacht ar fionraí isteach, táirgthe, gnóthachain stoic agus ó oibríochtaí)
  • sonraí faoi ghluaiseachtaí amach (easpórtáilte, loghadh COM, dleacht ar fionraí amach, caillteanais stoic, tomhaltas baile, toirt bithbhreosla íon agus loghadh an mhuirir carbóin).

Cén chaoi le teacht ar an tseirbhís

Féadtar teacht ar an tseirbhís seo trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS), ach na céimeanna seo a leanúint:

  • Cliceáil ar an gcluaisín ‘Mo Sheirbhísí Féin’ ón bpríomh-roghchlár ROS.
  • Sa rannán ‘Tíolaic tuairisceán’, roghnaigh an cineál tuairisceáin ‘COM’ agus ‘Tuairisceán Trádstórais’.