Tuairisceán Gluaiseachtaí Ola (ROM1) a thíolacadh

Leis an tseirbhís Tuairisceáin Gluaiseachtaí Ola, féadtar tuairisceán gluaiseachtaí ola (Foirm ROM1) a chomhlánú ar líne. Ní mór duit d’Fhoirm 11 mhíosúil a thíolacadh trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).

Cé dó an tseirbhís seo?

Tá an tseirbhís seo ann d’aon duine a n-iarrtar orthu ROM1 míosúil a chomhlánú, lena n-áirítear:

  • coimeádaithe stórais údaraithe
  • dáileoirí
  • miondíoltóirí réamhchúirte garáiste.

Cén chaoi le teacht ar an tseirbhís

Féadtar teacht ar an tseirbhís seo trí ROS ach na céimeanna seo a leanúint:

  • Cliceáil ar an gcluaisín ‘Mo Sheirbhísí Féin’ ón bpríomh-roghchlár ROS.
  • cliceáil ar an rannán ‘Tíolaic tuairisceán’.
  • Roghnaigh cineál an tuairisceáin ‘Ceadúnas Máil’ agus ‘Tuairisceán ROM1’.
  • Cliceáil ar ‘Tíolaic Tuairisceán’.

 

Féach an físeán céim ar chéim do dháileoirí maidir leis an gcaoi le ROM1 a thíolacadh:

Féach an físeán céim ar chéim do mhiondíoltóirí réamhchúirte garáiste maidir leis an gcaoi le ROM1 a thíolacadh: