Trádálaithe Ola Mianra
Tuairisceán gluaiseachtaí ola (ROM1)
Ní mór do shealbhóirí:
- an Cheadúnais Trádálaí Breosla Mótair (CTBMó)
- agus, nó
- an Cheadúnais Trádálaí Breosla Mharcáilte (CTBMa)
Tuairisceán Míosúil Gluaiseachtaí Ola (ROM1) a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim. Ní mór an tuairisceán seo a thíolacadh trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).
Is iad na roghanna atá ar fáil do thrádálaithe chun an ROM1 a thíolacadh ná:
- ROS ar líne
- ROS as líne
- nó
- bogearra inmheánach a úsáid a chloíonn le Revenue schema.
Ní mór do thrádálaithe an Tuairisceán ROM1 a thíolacadh faoin 25ú lá den mhí tar éis na tréimhse tuairiscithe. Ní mór an t-eolas seo a leanas a áireamh ar an ROM1:
- Iarmhéid tosaigh de réir chineál an táirge.
- Iarmhéid dúnta de réir chineál an táirge.
- Gach gluaiseacht isteach de réir chineál an táirge, an dáta, an chainníocht, an sonrasc agus an soláthraí (agus tagairt an Cheadúnais nó an uimhir CBL á lua).
- Gach gluaiseacht amach de réir chineál an táirge, an dáta, an chainníocht, an sonrasc, an custaiméir (agus tagairt an Cheadúnais nó an uimhir CBL á lua) agus sonraí comhiomlána do dhíolacháin réamhchúirte.
- agus
- Díolacháin chomhiomlána de réir chineál an táirge ola le haghaidh:
- custaiméirí baile
- agus
- custaiméirí tráchtála a fhaigheann níos lú ná 2,000 lítear sa mhí agus nach n-iarrtar orthu a bheith ceadúnaithe.
Tíolaic Tuairisceán Gluaiseachtaí Ola (ROM1)
Leis an tseirbhís Tuairisceáin Gluaiseachtaí Ola, féadtar tuairisceán gluaiseachtaí ola (Foirm ROM1) a chomhlánú ar líne. Ní mór duit d’Fhoirm 11 mhíosúil a thíolacadh trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).
Cé dó an tseirbhís seo?
Tá an tseirbhís seo ann d’aon duine a n-iarrtar orthu ROM1 míosúil a chomhlánú, lena n-áirítear:
- coimeádaithe stórais údaraithe
- dáileoirí
- agus
- miondíoltóirí réamhchúirte garáiste.
Cén chaoi le teacht ar an tseirbhís
Féadtar teacht ar an tseirbhís seo trí ROS ach na céimeanna seo a leanúint:
- Cliceáil ar an rannán 'Mo Sheirbhísí' ó phríomhroghchlár ROS.
- Cliceáil ar an rannán ‘Tíolaic tuairisceán’.
- Roghnaigh cineál an tuairisceáin ‘Ceadúnas Máil’ agus ‘Tuairisceán ROM1’.
- Cliceáil ar ‘Tíolaic Tuairisceán’.
Féach ar an bhfíseán céim ar chéim ar conas ROM1 a thíolacadh do dháileoirí:
Féach ar an bhfíseán céim ar chéim ar conas ROM1 a thíolacadh do mhiondíoltóirí réamhchúirte:
Má theastaíonn cabhair uait leis an gclárúchán ROS, féadtar ceann de na roghanna seo a leanas a úsáid:
- seol ríomhphost chuig roshelp@revenue.ie.
- Déan teagmháil leis an Deasc Chabhrach ROS ar 01 738 3699.
Ar aghaidh: Soláthar nó seachadadh meargánta breosla mharcáilte