Trádálaithe Ola Mianra

Ceadúnas Trádálaí Breosla Mótair (CTBMó)

Ní mór do thrádálaithe Ceadúnas Trádálaí Breosla Mótair (CTBMó) a bheith acu i gcás aon áitreabh ina ndéantar:

  • táirgeadh
  • díol
  • seachadadh
  • déileáil

ar ola mhianra (ola hidreacarbóin, gás peitriliam leachtach, breosla ionaid) lena húsáid in inneall mótarfheithicle.

Tá coinníollacha sonraithe ag na Coimisinéirí Ioncaim ar gá do shealbhóirí Ceadúnais Trádálaí Breosla Mótair cloí leo.

Teastaíonn ceadúnas ar leith le haghaidh gach áitreabh nó áit óna n-oibríonn trádálaí.

Ní mór do shealbhóirí ceadúnais, chomh maith, cloí le forálacha na rialachán cánach ola mianra in Mineral Oil Tax Regulations 2012.

Tabhair do d’aire

Má loictear cloí leis na coinníollacha seo nó le haon riachtanas de chuid an dlí máil, féadfaidh sé go mbeidh sé de thoradh air go ndéanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim gníomhú ina leith. I measc na ngníomhartha seo féadtar ceadúnas a chúlghairm. I gcás trádáil neamhcheadúnaithe ina dhiaidh sin, féadfaidh sé go ndéanfar táirgí a ghabháil agus go ndéanfar ionchúiseamh.

Iarratas a dhéanamh ar Ceadúnas Trádálaí Breosla Mótair

Chun iarratas a dhéanamh ar Cheadúnas Trádálaí Breosla Mótair (CTBMó), ní mór do thrádálaithe Foirm Iarratais a thíolacadh d’Oifig Náisiúnta Ceadúnais Máil (NELO) na gCoimisinéirí Ioncaim.

Féadfidh na Coimisinéirí Ioncaim ceadúnas a dheonú sa chás:

  • go bhfuil Imréiteach Canach ag an iarratasóir
  • go léiríonn sé nó sí go gcomhlíonann sé nó sí, nó an t-áitreabh, coinníollacha an cheadúnais
  • agus
  • nár ciontaíodh i gcoir inchúisithe cánach é nó í sna deich mbliana roimh an iarratas.

Nuair a fhaigheann an Oifig Naisiúnta Ceadúnais Máil (NELO) an fhoirm iarratais chomhlánaithe, seolfaidh siad cóip chuig an oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim ina bhfuil an áitreabh sin. Má fhaomhann an Oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim an t-iarratas, eiseoidh NELO Fógra um Iarratas le go bhféadfaidh an t-iarratasóir iarratas a dhéanamh ar an gceadúnas.

Ceadúnas Trádálaí Breosla Mótair a athnuachan

Ní mór do thrádálaithe iarratas a dhéanamh ar cheadúnas ar bhonn bliantúil tar éis Fógra Bliantúil um Iarratas a fháil ó NELO. Eiseofar an fógra seo timpeall seacht seachtaine sula dtéann an ceadúnas in éag.

Má tá na Coimisinéirí Ioncaim sásta go gcomhlíonann an ceadúnaí aon cheann de na Coinníollacha Ceadúnais sonraithe, féadann an ceadúnaí iarratas a dhéanamh ar a gceadúnas ach úsáid a bhaint as na Roghanna Íocaíochta.

Nuair atá íocaíocht á déanamh, féadfaidh sé go n-iarrfaí ar an gceadúnaí dearbhú a thabhairt go bhfuil ceann nó an dá cheann do na deimhnithe seo a leanas acu:

  • Deimhniú Dúblach um Chorprú
  • Deimhniú i leith Clárú Ainm Gnó.

Teastóidh imréiteach cánach uathu chomh maith. Déanfaidh córais na gCoimisinéirí Ioncaim seiceáil uathoibríoch ar do stádas imréitigh cánach roimh an gceadúnas a eisiúint.

Foráil d’achomhairc

Nuair a dhiúltaíonn na Coimisinéirí Ioncaim iarratas ar cheadúnas, tá an ceart ag iarratasóirí achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh. Féadfaidh iarratasóirí an cinneadh a achomharc tríd an gCoimisiún um Achomhairc Chánach. Tá feidhm leis na forálacha seo chomh maith nuair a dhéanann na Coimisinéirí Ioncaim ceadúnas a chúlghairm.

Ar aghaidh: Ceadúnas Trádálaí Breosla Mharcáilte (CTBMa)