Imréiteach cánach

Is éard is Deimhniú Imréitigh Cánach ann ná deimhniú ó na Coimisinéirí Ioncaim go bhfuil cúrsaí cánach iarratasóra in ord. Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim deimhniú imréitigh cánach a eisiúint chuig custaiméir a bhfuil riaráistí cánach acu nuair atá na riaráistí á gclúdach ag socraíocht tráthíocaíochtaí.