Imréiteach cánach - faoi athbhreithniú, diúltaithe nó cealaithe (tarraingthe siar)

Léargas ginearálta

Má dhéanann tú iarratas ar Dheimhniú Imréitigh Cánach, agus níor eisíodh é, ciallaíonn sé sin go bhfuil sé ‘faoi athbhreithniú’ nó gur diúltaíodh é.

Mura bhfuil do chúrsaí cánach féin, nó cúrsaí cánach na ndaoine atá bainteach leat in ord, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim do Dheimhniú Imréitigh Cánach a tharraingt siar. Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim do Dheimhniú Imréitigh Cánach a tharraingt siar freisin nuair a théann d’iarratas in éag.

I gcás iarratais ar dheontas, rachaidh do Dheimhniú Imréitigh Cánach in éag tar éis bliana. I ngach cás eile, rachaidh do Dheimhniú Imréitigh Cánach in éag tar éis ceithre bliana.

Ar aghaidh: Iarratas faoi athbhreithniú