Daoine bainteacha

Léargas ginearálta

Nuair a dhéanann tú iarratas ar imréiteach cánach, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim athbhreithniú ar do chúrsaí cánach agus ar chúrsaí cánach aon duine atá bainteach leat. Féadfaidh maoin, eintiteas nó duine a bheith mar duine bainteach.

Tugtar míniú sa rannán seo ar cé na daoine bainteacha a ndéanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim athbhreithniú orthu, ag brath ar an gcineál iarratasóra atá ionat.

Tabhair do d’aire

Nuair a dhéanann tú iarratas ar imréiteach cánach trí ríomh-Imréiteach Cánach, tabharfar chuig an scáileán ‘Déan athbhreithniú ar do shonraí’ thú. Beidh liosta anseo ar na daoine agus na maoine a bhaineann leat atá ar an taifead ag na Coimisinéirí Ioncaim.

Tá an fhreagracht ort a chinntiú go bhfuil siad seo cruinn agus na sonraí a leasú nó a uasdátú, má tá sé riachtanach

Ar aghaidh: Iarratasóir aonair