Daoine bainteacha

Iarratasóir cuideachta

Nuair a dhéanann cuideachta iarratas ar imréiteach cánach déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim seiceáil:

  • ar aon stiúrthóir a bhfuil scairsheilbh níos mó ná 50% acu sa chuideachta (ní mór do chuideachta stiúrthóir amháin ar a laghad a sholáthar)
  • ar aon scairshealbhóir a bhfuil scairsheilbh níos mó ná 50% acu sa chuideachta
  • ar mhaoine
  • ar aon chomhpháirtíochtaí a bhfuil an chuideachta mar bhall díobh
  • ar eintitis ghnó roimhe (nuair a bhí aistriú ceadúnais licéir i gceist)
  • ar chomhlíontacht CBL na cuideachta íoca, nuair is neamhíocóir grúpa CBL atá sa chuideachta.