Cén chaoi le hiarratas a dhéanamh ar Dheimhniú Imréitigh Cánach

An córas ríomh-Imréitigh Cánach (eTC)

Leis an gcóras ríomh-Imréitigh Cánach, féadtar iarratas a dhéanamh ar Dheimhniú Imréitigh Cánach ar líne. Go ginearálta, beidh ort iarratas a dhéanamh ag baint úsáid as:

  • moChúrsaí más custaiméir Íoc Mar a Thuillir (ÍMAT) thú

Déanann an córas ríomh-Imréitigh Cánach do chomhlíontacht chánach a sheiceáil ar bhonn rialta. Leanann do Dheimhniú Imréitigh Cánach de bheith bailí fad agus atá tú comhlíontach. Ciallaíonn sé seo nach bhfuil gá le dáta deiridh ar an deimhniú.

Ní mór duit iarratas nua le haghaidh Imréiteach Cánach a thíolacadh nuair atá d’iarratas imithe in éag. Téann iarratas ar dheontas in éag tar éis bliain amháin. Téann gach iarratas eile in éag laistigh de cheithre bliana.

Cén chaoi le hiarratas a dhéanamh

Sa chás nach bhfuil na seirbhísí seo úsáidte agat roimh duit clárú le haghaidh moChúrsaí nó ROS.

Féach Iarratas a dhéanamh ar líne le haghaidh imréiteach cánach ag baint úsáid as an gcóras ríomh-Imréitigh Cánach (eTC) le haghaidh tuilleadh eolais ar an gcaoi leis na seirbhísí seo a úsáid.

Ar aghaidh: Iarratais le haghaidh comhlachtaí deonacha neamhchláraithe