Cén chaoi le hiarratas a dhéanamh ar Dheimhniú Imréitigh Cánach

Iarratais neamhchónaitheoirí

Ní mór d’iarratasóirí neamhchónaitheacha atá cláraithe le haghaidh cáin Éireannach iarratas a dhéanamh tríd an gcóras leictreonach Imréitigh Cánach (eTC). Féadtar é seo a dhéanamh:

Eisceachtaí ar eTC

Ní fhéadann iarratasóirí neamhchónaitheacha iarratas a dhéanamh tríd an eTC:

  • mura bhfuil siad cláraithe le haghaidh cáin Éireannach
  • mura bhfuil ionad gnó bunaithe buan acu sa Stát.

Tabhair do d’aire

Féadfaidh sé go mbeidh ort clárú le haghaidh cáin Éireannach roimh iarratas a dhéanamh. Féadtar do riachtanas a sheiceáil trí ghlaoch a chur ar ár n-aonad clárúcháin ar 00 353 1 738 3630.

Mura bhfuil ort clárú le haghaidh cánach, comhlánaigh Foirm TC1 agus seol chuig nonrestaxclearance@revenue.ie í.

Athnuachan ceadúnais máil

Iarratasóirí neamhchónaitheacha a dhéanann iarratas ar athnuachan ceadúnais máil, féadfaidh siad a bheith cláraithe le haghaidh Cáin Ioncaim amháin.

Sampla

Mar shampla, geallghlacadóir nach bhfuil oifig sa Stát acu, ach a bhfuil seastán ar ráschúrsa acu. Meastar gurb é seastán an gheallghlacadóra a n-áit ghnó. Dá bharr, ní mór dóibh clárú le haghaidh Cánách Ioncaim.

Ar aghaidh: Iarratasóirí faoin mbonn measúnaithe chomhpháirtigh