Tá Séamus agus Siobhán faoin mbonn measúnaithe chomhpháirtigh. Tá Deimhniú Imréitigh Cánach ag Séamus toisc go dtiomáineann sé tacsaí. Níor chuir Siobhán isteach ar Dheimhniú Imréitigh Cánach riamh.
Tá Siobhán tar éis cur isteach ar dheontas. Tá an comhlacht poiblí ag iarraidh ar Siobhán Deimhniú Imréitigh Cánach a chur ar fáil. Ní féidir léi Deimhniú Imréitigh Cánach Shéamuis a úsáid. Ní mór do Shiobhán iarratas a dhéanamh le haghaidh Deimhniú Imréitigh Cánach ina hainm féin.