Cén chaoi le hiarratas a dhéanamh ar Dheimhniú Imréitigh Cánach

Iarratais do chustaiméirí nach bhfuil an cumas acu a gcúrsaí cánach a bhainistiú ar líne

Mura bhfuil ríomhaire agat nó mura bhfuil teacht agat ar an idirlíon, féadtar iarratas a dhéanamh ar Dheimhniú Imréitigh Cánach trí Foirm TC1 a chomhlánú. Ní fhéadtar é seo a dhéanamh ach amháin:

  • mura bhfuil rochtain dhóthanach agat ar an idirlíon
  • mura bhféadfaidh tú iarratas leictreonach a dhéanamh mar gheall ar d’aois nó éagumas intinne nó meabhrach.

Ba chóir duit an fhoirm chomhlánaithe nó aon cheisteanna a sheoladh chuig an Aonad Seirbhísí do Chustaiméirí, Rannóg an Ard-Bhailitheora.

Ar aghaidh: Iarratais neamhchónaitheoirí