Cén chaoi le hiarratas a dhéanamh ar Dheimhniú Imréitigh Cánach

Iarratais le haghaidh comhlachtaí deonacha neamhchláraithe

Mura bhfuil Uimhir Cláraithe Cánach ag an gcomhlacht deonach, ní mór dó clárú leis na Coimisinéirí Ioncaim.

Féadfaidh sé clárú mar chomhlacht deonach neamhchorpraithe trí fhoirm clárúcháin d’eagraíochtaí deonacha neamhbhrabúis a chomhlánú.

Ní mór an fhoirm chomhlánaithe a sheoladh chuig an Aonad Clárúcháin cuí atá luaite ar an bhfoirm.

Nuair a gheobhaidh tú an Uimhir Clárúcháin Cánach don chomhlacht deonach, féadtar iarratas a dhéanamh ar Dheimhniú Imréitigh Cánach ag baint úsáid as an gcóras ríomh-Imréitigh Cánach (eTC).

Ar aghaidh: Iarratais do chustaiméirí nach bhfuil an cumas acu a gcúrsaí cánach a bhainistiú ar líne