Imréiteach cánach – faoi athbhreithniú, diúltaithe nó tarraingthe siar

Iarratas diúltaithe

Diúltófar d’iarratas ar Dheimhniú Imréitigh Cánach mura bhfuil do chúrsaí cánach, nó cúrsaí cánach na ndaoine atá bainteach leat, in ord.

Má dhéanann tú iarratas le haghaidh Deimhniú Imréitigh Cánach ar líne agus má dhiúltaítear do d'iarratas, taispeánfar teachtaireacht ar an scáileán ag tabhairt na fáthanna don diúltú. Ba chóir tabhairt faoi na ceisteanna amuigh sula ndéantar iarratas arís ar Dheimhniú Imréitigh Cánach.

Nuair a thaispeántar ‘Níl na riachtanais le haghaidh imréiteach cánach faoi Alt 1094 agus 1095 araon comhlíonta agat’, mar chúis don diúltú, ba chóir dul i dteagmháil le Rannóg an Ard Bhailitheora.

Má dhiúltaítear d’iarratas ar Dheimhniú Imréitigh Cánach, féadann tú achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh.

Ar aghaidh: Deimhniú Imréitigh Cánach cealaithe (tarraingthe siar)