Imréiteach cánach - faoi athbhreithniú, diúltaithe nó cealaithe (tarraingthe siar)
Deimhniú Imréitigh Cánach cealaithe (tarraingthe siar)
Déanann an córas Ríomh-Imréitigh Cánach (eTC) seiceáil ar chomhlíontacht cánach sealbhóirí Imréitigh Cánach ar bhonn rialta. Féadfaidh oifigigh na gCoimisinéirí Ioncaim athbhreithniú a dhéanamh ar chás ag am ar bith mar chuid dár gcláir comhlíontachta cánach.
Féadann muid Deimhniú Imréitigh Cánach a tharraingt siar sa chás:
- nach bhfuil do chúrsaí cánach féin, nó cúrsaí daoine bainteacha, in ord
- nó
- go bhfuil do Dheimhniú imithe in éag.
Seolfaidh na Coimisinéirí Ioncaim litir chugat agus sceideal ann den chúis a tarraingíodh siar é. Má tá do Dheimhniú Imréitigh Cánach imithe in éag, ní bheidh sceideal ceangailte leis.
Má rinne do ghníomhaire iarratas le haghaidh imréiteach cánach ar do shon, ansin seolfar an litir chucu.
Ba chóir tabhairt faoi na ceisteanna amuigh sula ndéantar iarratas arís ar Dheimhniú Imréitigh Cánach.
Má dhéantar do Dheimhniú Imréitigh Cánach a tharraingt siar, féadtar achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh.
Ar aghaidh: Achomhairc