Imréiteach cánach – faoi athbhreithniú, diúltaithe nó tarraingthe siar

Iarratas faoi athbhreithniú

I gcásanna áirithe, féadfaidh sé go mbeidh ar na Coimisinéirí Ioncaim athbhreithniú a dhéanamh ar d'iarratas le haghaidh Deimhniú Imréitigh Cánach sula n-eisítear é. D'fhéadfadh sé seo a bheith amhlaidh más rud é, mar shampla, go bhfuil Socrú Tráthíocaíochtaí agat chun cánacha amuigh a íoc.

Féadtar teagmháil a dhéanamh le Rannóg an Ard-Bhailitheora i dtaca le d’iarratas. Ní mór d’Uimhir Tagartha Cánach nó Uimhir Aitheantais Tagartha an Iarratais a bheith agat.

Ar aghaidh: Iarratas diúltaithe