Socraíochtaí Tráthíocaíochtaí

Léargas ginearálta

Ní mór duit do chánacha uile a íoc faoin dáta dlite. Aithníonn na Coimisinéirí Ioncaim, áfach, nach bhféadtar é sin a dhéanamh i gcónaí. Féadtar leas a bhaint as an rogha do chuid fiachais cánach a íoc trí Shocrú Tráthíocaíochtaí.

Ligfidh Socraíocht Tráthíocaíochtaí duit do chuid fiachas cánach a aisíoc i dtráthíocaíochtaí thar thréimhse ama.

Is é an t-uastréimhse cheadaithe le haghaidh Socraíocht Tráthíocaíochtaí ná 36 mí. D'fhéadfaí socraíocht fadtéarmach suas le 60 mí a éascú más gá mar gheall ar chúinsí an ghnó. Beidh ort cás gnó a sholáthar maidir le cén fáth go bhfuil gá le síneadh ama. Ní mór dóthain fianaise a bheith ann gur féidir leis an ngnó an socraíocht a chothú agus tacú leis ar feadh a ré.

Tá éarlais riachtanach agus gearrtar ús thar an tréimhse aisíocaíochta.

Ar aghaidh: Cén chaoi le hiarratas a dhéanamh ar Shocrú Tráthíocaíochtaí