Socruithe Tráthíocaíochtaí

Cén chaoi le hiarratas a dhéanamh ar Shocrú Tráthíocaíochtaí

Ní mór duit iarratas a dhéanamh ar shocrú tráthíocaíochtaí ar líne trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS). Má fheidhmíonn gníomhaire mar ionadaí ar do shon maidir le do shocrú tráthíocaíochtaí, ní mór don ghníomhaire dearbhú a chomhlánú ar ROS chun teacht ar an socrú.

Chun iarratas a dhéanamh ar Shocrú Tráthíocaíochtaí, ní mór an méid seo a leanas a bheith i gceist:

  • fiachas iomlán amuigh (lena n-áirítear ús agus pionóis) atá níos mó ná €500
  • go dtíolactar gach tuairisceán cánach atá dlite do na Coimisinéirí Ioncaim
  • gan socrú tráthíocaíochtaí a bheith agat cheana féin
  • go n-aontaíonn tú do chuid cánacha reatha a íoc de réir mar a thagann siad de bheith dlite.

Le linn an phróisis iarratais, iarrfar an méid seo a leanas ort:

  • roghnaigh do thréimhse aisíocaíochta (uastréimhse 60 mí)
  • roghnaigh do shuim éarlaise
  • tabhair do shonraí bainc
  • roghnaigh an dáta íocaíochta a fheileann duit.

Ag brath ar do chúinsí áirithe, féadfar go n-iarrfar ort faisnéis nó doiciméid bhreise a thíolacadh, ar nós:

  • Foirm PPA1 leictreonach a chomhlánaithe ar ROS
  • ráitis bainc
  • liostaí sócmhainní nó eirí
  • achoimre ar bhearta gearrtha costas atá á dtabhairt isteach
  • réamh-mheastacháin sreafa airgid sé mhí
  • cuntais bhainistíochta.

Déanann na Coimisinéirí Ioncaim athbhreithniú ar gach iarratas ar Shocrú Tráthíocaíochtaí agus gheobhaidh tú freagra ar d’iarratas laistigh de dheich lá. Nuair a iarrann na Coimisinéirí Ioncaim sonraí breise, gheobhaidh tú fógra ar ROS. Mura bhfreagraíonn tú laistigh den chreat ama a shonraítear, cuirfear d’iarratas ar ceal go huathoibríoch.

Ar aghaidh: Rátaí úis agus muirir