Tá socraíocht tráthíocaíochtaí ag Deirdre leis na Coimisinéirí Ioncaim.
Bhí a tráthíocaíocht dlite ar an 6 Bealtaine 2025. Ní raibh na cistí aici ina cuntas an tráthíocaíocht a íoc agus mar sin loic an íocaíocht.
Fuair Deirdre fógra ROS faoin íocaíocht theipthe ag tabhairt le fios go ndéanfaí an dara hiarracht an tráthíocaíocht a bhailiú ar an 27 Bealtaine. Mura bhfuil an t-airgead aici chun freastal ar an íocaíocht seo agus má chailleann sí an dara hiarracht bailiúcháin, cuirfear a Socraíocht Tráthíocaíocht ar ceal.
Déanann Deirdre iarratas ar íocaíocht a iarchur ar ROS roimh an 26 Bealtaine, chun stop a chur leis an socraíocht tráthíocaíochtaí a bheith curtha ar ceal.