Socruithe Tráthíocaíochtaí

Rátaí úis agus muirir

Gearrtar ús ar shocruithe tráthíocaíochtaí ag an:

Tá ús taobh istigh de shocrú tráthíocaíochtaí déanta suas den mhéid seo:

  • ús fabhraithe ar shuimeanna neamhíoctha san áireamh sa socrú tráthíocaíochtaí
  • ús réamh-mheasta bunaithe ar na híocaíochtaí measta thar shaolré an tsocrú tráthíocaíochtaí
  • ús ar mhuirir íocaíochtaí déanacha atá dlite i leith aon tréimhsí íoctha i bpáirt laistigh den socrú tráthíocaíochtaí.

Má dhéantar athruithe don sceideal aisíocaíochta le linn shaolré an tsocrú tráthíocaíochtaí, déanfar athríomh ar na muirir úis a ghearrtar.

Socrú Tráthíocaíochtaí ar Ráta laghdaithe

Tugadh isteach Socrú Tráthíocaíochtaí ar ráta laghdaithe le linn 2020 chun cabhrú le gnóthaí a raibh deacrachtaí sreafa airgid acu mar thoradh ar COVID-19.

Maidir le dliteanais Cánach Ioncaim 2019, bhí an ráta laghdaithe ar fáil do chustaiméirí a rinne iarratas ar Shocrú Tráthíocaíochtaí roimh an 10 Nollaig 2020.

Maidir le gach cáin eile bhí an ráta laghdaithe ar fáil do chustaiméirí a rinne iarratas ar Shocrú Tráthíocaíochtaí roimh an 31 Deireadh Fómhair 2020.

Tabhair do d’aire

Féadfaidh sé go bhfuil tú ag baint leas as Socrú Tráthíocaíochtaí ar ráta laghdaithe faoi láthair. Má tá agus má chealaítear do Shocrú Tráthíocaíochtaí ní bheidh tú in ann leas a bhaint as an Socrú Tráthíocaíochtaí ar ráta laghdaithe arís. Beidh aon Socrú Tráthíocaíochtaí amach anseo faoi réir ús iomlán.

Ar aghaidh: Éarlaisí agus tráthíocaíochtaí