Socruithe Tráthíocaíochtaí

Socraíocht Tráthíocaíochtaí Comhdhlúite agus leasuithe

Nuair atá Socraíocht Tráthíocaíochtaí idir lámha, féadfaidh tú do Shocraíocht Tráthíocaíochtaí a leasú ag baint úsáid as an rogha ‘Comhdhlúthaigh’ sa rannán Socraíocht Tráthíocaíochtaí a leasú i Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).

Leis seo, féadtar:

  • an tSocraíocht Tráthíocaíochtaí reatha a athrú nuair a thagann méadú nó laghdú ar an méid dlite ar thréimhse (mar shampla, má thíolaic tú tuairisceán leasaithe)
  • dliteanais bhreise a chur leis an tSocraíocht Tráthíocaíochtaí
  • Stórasú fiachais a chur leis an tSocraíocht Tráthíocaíochtaí
  • an tréimhse aisíocaíochta a athrú
  • an dáta asbhainte a athrú.

Cruthófar sceideal aisíocaíochta nua duit, lena n-áirítear:

  • na suimeanna nua sa tSocraíocht Tráthíocaíochtaí
  • an tréimhse aisíocaíochta nua
  • agus
  • athríomh ar na muirir úis.

Do chuid sonraí cuntais bainc a leasú le haghaidh Socraíocht Tráthíocaíochtaí

Féadfaidh tú do chuid sonraí cuntais bainc a leasú d’íocaíochtaí amach anseo ar do Socraíocht Tráthíocaíochtaí, ach na céimeanna seo a leanúint:

  • sínigh isteach ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS)
  • roghnaigh ‘Socraíocht Tráthíocaíochtaí’ ón bpainéil ‘Seirbhísí Eile’. Beidh an teachtaireacht “Iarratas ar siúl” le feiceáil
  • cliceáil an cnaipe ‘Féach’
  • roghnaigh ‘Leasaigh’ ag bun an leathanaigh
  • roghnaigh ‘Athraigh Sonraí Bainc’. Cuir isteach ainm an tsealbhóra cuntais agus IBAN agus cliceáil ‘Ar aghaidh’ 
  • beidh do sceideal íocaíochta le feiceáil
  • roghnaigh ‘Leasaigh’ 
  • léireofar achoimre de do Shocraíocht Tráthíocaíochtaí le do chuid sonraí bainc nuashonraithe
  • roghnaigh ‘Ar aghaidh’ agus cuir isteach do phasfhocal ROS
  • cliceáil ‘Sínigh & Tíolaic’.

Ar aghaidh: Íocaíochtaí loicthe agus socruithe tráthíocaíochtaí a chealú