Imréiteach cánach – faoi athbhreithniú, diúltaithe nó tarraingthe siar
Achomhairc
Féadtar achomharc a dhéanamh in aghaidh Deimhniú Imréitigh Cánach a bheith diúltaithe nó tarraingthe siar. Má shocraíonn tú achomharc a dhéanamh, ba chóir duit é sin a dhéanamh laistigh de 30 lá ó chumarsáid scríofa ó na Coimisinéirí Ioncaim maidir leis na nithe seo a leanas:
- diúltú d'iarratas ar Dheimhniú Imréitigh Cánach
- nó
- tarraingt siar do Dheimhnithe Imréitigh Cánach.
Roimh achomharc a dhéanamh, ní mór duit aon cháin nó dleacht atá ag dul do na Coimisinéirí Ioncaim a íoc, nach bhfuil aighneas faoi nó nach bhfuil achomharc á dhéanamh ina leith. I do litir diúltaithe nó tarraingthe siar, beidh liosta de cibé cáin nó dleacht atá dlite le híoc agat.
Níl teidlíocht chun achomharc a dhéanamh ar cháin nó dleacht nár íocadh san áireamh sa teidlíocht atá agat achomharc a dhéanamh in aghaidh do Imréiteach Cánach a bheith diúltaithe nó tarraingthe siar.