Caighdeáin in Oifigí Poiblí (SIPO)

Ní mór Deimhniú Imréitigh Cánach a bheith ag na daoine seo a leanas:

  • baill de Dháil Éireann nó de Sheanad Éireann
  • oifigigh poiblí shinsearacha
  • iarrthóirí ar cheapacháin chun na breithiúnachta.

Ní mór do thuairisceáin agus íocaíochtaí a bheith suas chun dáta le go n-eiseofaí imréiteach cánach.

Ní mór tuairisceáin agus íocaíochtaí de chuid aon chomhpháirtíochtaí a bhfuil tú, nó a raibh tú, mar bhall díobh, a bheith suas chun dáta.

Chun iarratas a dhéanamh ar Imréiteach Cánach chun críocha an Achta SIPO, ní mór duit:

  1. An Fhoirm TC (SIPO) a phriontáil agus a chomhlánú. Féadfaidh tú cóip pháipéir den fhoirm a iarraidh ón m Bord Comhairleach um Cheapacháin Bhreithiúna nó ón g Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí.
  2. An t-iarratas a shíniú (ní mór síniú bunaidh an iarratasóra a bheith ar an bhfoirm).
  3. An fhoirm iarratais bhunaidh a sheoladh chuig an Aonad um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí i  Rannóg an Ard Bhailitheora.

Baill tofa nó ainmnithe chun Dháil Éireann nó Sheanad Éireann

Más duine tofa nó ainmnithe chun Dháil Éireann nó Sheanad Éireann thú, ní mór duit Dearbhú Reachtúil a iarraidh ón gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí. Ba chóir do Dheimhniú Imréitigh Cánach a sheoladh ansin chuig an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí in éineacht le do Dhearbhú Reachtúil.

Ní mór do Dheimhniú Imréitigh Cánach a bheith eisithe laistigh de na naoi mí roimh nó tar éis an toghcháin nó an dáta ainmniúcháin.

Mar shampla, má toghadh nó má ainmníodh thú ar 25 Meitheamh 2022, ní mór do Dheimhniú Imréitigh Cánach a bheith eisithe idir 25 Meán Fómhair 2021 agus 25 Márta 2023. Ba chóir do dhearbhú reachtúil a bheith déanta idir 25 Bealtaine 2022 agus 25 Iúil 2022.

Ceapacháin oifige shinsearacha

Má cheaptar chuig oifig shinsearach thú, ní mór duit Dearbhú Reachtúil a iarraidh ón gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí. Ba chóir do Dheimhniú Imréitigh Cánach a sheoladh ansin chuig an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí in éineacht le do Dhearbhú Reachtúil.

Ní mór do Dheimhniú Imréitigh Cánach a bheith eisithe laistigh de na naoi mí roimh nó tar éis an dáta cheapacháin.

Ceapacháin chun na breithiúnachta

Má cheaptar chuig oifig bhreithiúnach thú, ní mór duit Dearbhú Reachtúil a iarraidh ón mBord Comhairleach um Cheapacháin Bhreithiúna. Ba chóir do Dheimhniú Imréiteach Cánach agus do Dhearbhú Reachtúil a chur ansin chuig an Bord Comhairleach um Cheapacháin Bhreithiúna agus chuig rúnaí an rialtais.

Ní mór do Dheimhniú Imréitigh Canach a bheith eisithe sna 18 mí roimh an moladh.

Ní mór do Dhearbhú Reachtúil a bheith déanta níos lú ná trí mhí roimh an moladh.

Féadtar tuilleadh eolais maidir le riachtanais do cheapacháin a fháil ag: