Imréiteach cánach do charthanais

Teastóidh Deimhniú Imréitigh Cánach ó do charthanas más mian leat cur isteach:

  • ar chonradh de chuid na hearnála poiblí
  • an Scéim Cúitimh CBL do Charthanais
  • ar cheadúnas máil
  • ar cheadúnais áirithe eile.

I measc na gceadúnas eile tá údarú a theastaíonn faoin Acht um Chreidmheas do Thomhaltóirí, 1995 agus faoin gCeartas Coiriúil Cúnamh Dlíthiúil.

Ní theastóidh imréiteach cánach má tá do charthanas ag cur isteach ar dheontas de chuid na hearnála poiblí agus má fuair sé uimhir díolúine chánach do charthanais (CHY) ó na Coimisinéirí Ioncaim. Sa chás seo, is gá duit d’uimhir CHY a lua leis an gcomhlacht poiblí dámhachtana.

Féadtar iarratas leis na Coimisinéirí Ioncaim trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) le haghaidh uimhir díolúine chánach do Charthanais. Tá achoimre sa chiorclán Department of Finance circular – Public sector contracts ar na rialacha a bhaineann le deontais a íoc le carthanais.

Cén chaoi le hiarratas a dhéanamh ar Dheimhniú Imréitigh Cánach

Má tá do charthanas cláraithe sa Stát ba chóir duit iarratas a dhéanamh tríd an gcóras leictreonach Imréitigh Cánach (eTC) ar:

Má tá do charthanas neamhchónaitheach agus mura bhfuil sé cláraithe le haghaidh cánach sa Stát seo, iarrtar ort an  Fhoirm TC1 a chomhlánú. Ní mór an fhoirm a thíolacadh don Aonad Neamhchónaitheoirí, Rannóg an Ard-Bhailitheora.