Carthanais neamhchónaitheacha

Léargas ginearálta

Mura bhfuil do charthanas cónaitheach in Éirinn, féadtar iarratas a dhéanamh ar dhíolúine chánach. Chun bheith incháilithe ní mór do do charthanas a bheith bunaithe:

  • i Stát de chuid an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (LEE)
  • i mballstát de chuid Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE)

Sula ndéanann do charthanas iarratas, ní mór duit clárú leis na Coimisinéirí Ioncaim le haghaidh cáin Éireannach trí cheann de na foirmeacha seo a leanas a chomhlánú:

Ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis an Rialálaí Carthanas agus, más cuí, cláraigh leis an gcomhlacht sin.

Ar aghaidh: Cén chaoi le hiarratas a dhéanamh ar dhíolúine chánach do charthanais