Carthanais neamhchónaitheacha

Coinníollacha i leith díolúine chánach a choinneáil

Ní mór duit leanúint de chloí leis na coinníollacha seo a leanas:

  • fanacht de bheith comhlíontach ó thaobh cánach de
  • stádas carthanais a choinneáil leis an Rialálaí Carthanas nuair is infheidhme agus a bheith comhlíontach le hAcht na gCarthanas, 2009
  • ioncam an charthanais a úsáid chun críocha carthanúla amháin
  • taifid agus cuntais chuí airgeadais a choinneáil agus iad a chur ar fáil do na Coimisinéirí Ioncaim nuair a iarrtar cigireacht a dhéanamh
  • cóip a thíolacadh de chuntais airgeadais na chéad bhliana chuig Aonad na nDíolúintí Carthanas agus Spóirt taobh istigh de 18 mí ó dheonú na díolúine
  • cuntais iniúchta a choinneáil má tá d’ioncam bliantúil os cionn €250,000
  • fógra i scríbhinn a chur chuig Aonad na nDíolúintí Carthanas agus Spóirt maidir le haon athrú do shonraí an charthanais
  • cead a lorg ó Aonad na nDíolúintí Carthanas agus Spóirt cistí a charnadh ar feadh tréimhse níos faide ná dhá bhliain. Ba chóir go bhfolódh sé seo an chúis leis an gcarnadh atá beartaithe.

Ba chóir gach teagmháil le hAonad na nDíolúintí Carthanas agus Spóirt a dhéanamh trí ROS agus M’Fhiosruithe.

Mura gcloíonn an carthanas leis na coinníollacha thuas, féadann na Coimisinéirí Ioncaim an díolúine a tharraingt siar ón dáta a deonaíodh ar dtús é.

Ar aghaidh: Carthanais atá díomhaoin nó atá á bhfoirceannadh